← Ansin tharraing sé cathaoir chuige féin agus theann isteach leis an tine, a lámha crágacha spréite os a choinne, ag ceapadh teasa. 🔊✎
← Bhí sé ar a bhealach ar ais go Kathmandu, áit a raibh lámh aige i ngníomhaíochtaí éagsúla a dúirt sé: cairpéid, seálta pashmina, earraí páipéir. 🔊✎
← Bhí an tuile shí as a bhéal agus é ag maíomh as a ghaisce gnó. 🔊✎
← Ar ndóigh, bhí daoine ceannasacha ar a chúl ach sin ráite ní raibh cosc dár cuireadh ina shlí ariamh nár sháraigh sé. 🔊✎
← "Nach ádhúil gur casadh ar a chéile sinn," a dúirt sé agus é ag cothú na tine le tuilleadh adhmaid chonnaidh. 🔊✎
← Bhí a fhios aige chomh luath agus a leag sé súil orm, a dúirt sé, gurb é ár gcinniúint é a bheith i mbeartas páirte lena chéile. 🔊✎
← Conradh an chroí a bheadh ann, arsa seisean go dúthrachtach, ag teannadh a ghreama ar mo lámh. 🔊✎
← Nuair a d'ordaigh mé an tríú buidéal leanna don tslogaire seo - bhí a chuid airgid féin, a dúirt sé, chóir a bheith reaite i ndiaidh dó díolaíocht a thabhairt dá chuid oibrithe anseo sna conic, ach in Kathmandu dhéanfadh sé an comhar a íoc liom faoi thrí. 🔊
← Bhí sé i bhfách go mór le dul isteach liom chun an tseomra le mé a chosaint ar chrúba an fhir istigh ach d'éirigh liom é a chur ar a shuaimhneas agus a sheoladh ar ais chun na cisteanadh. 🔊✎
← Chuir sé luaith ar fud na háite le méid a dhíograise. 🔊✎
← Bí cinnte nach ndéanfainn a dhath ach an t-ionracas le duine." 🔊✎
← Bhí sramaí lena shúile ar an mhéad is a bhí siad ar leathadh aige os mo chomhair in iúl is go n-amharcfainn síos isteach i nduibheagán a dhúchais is go gcreidfinn go raibh sé gach choir, gan chlaonadh. 🔊
← Bhí a fhios agamsa go raibh slam de lire beagluachacha na hIodáile sáite i leataobh agam le fada i dtóin mo mhála droma. 🔊✎
← D'aimsigh mé iad láithreach agus chuntas mé amach lab nótaí díobh go mórluachach go raibh lán a chráige aige. 🔊✎
← Shíl sé go raibh a shainte de mhaoin aige ina lámh nuair a chonaic sé na nótaí míle ag carnadh ina bhois. 🔊✎
← Ádhúil go leor, cha raibh a fhios aige, ach oiread lena thóin, cé chomh beagthairbheach agus a bhí a stór lire. 🔊✎
← Chomh luath agus a bhí an t-airgead istigh i gcúl a dhoirn aige, thosaigh sé ag méanfach agus ag ligean air féin go raibh néal codlata ag teacht air. 🔊✎
← I ndiaidh dó mé a mholadh is a mhóradh thug sé na sála leis chun na leapa. 🔊✎